Key Info

Gaeilge

NFQ Level 8 major Award Honours Bachelor Degree

Entry route(s):

Course code
LM002 - Arts (Common Entry)
Duration
4 Years
Subject area
Arts, Humanities and Social Sciences
Course Director
Dr Niall Keegan
Email
niall.keegan@ul.ie
Tel
00 353 61 202465
Admissions:
Tel
+353 (0)61 233755

Is féidir an Ghaeilge a dhéanamh mar chomhábhar sa Chéim sna Dána in Ollscoil Luimnigh. Is féidir féachaint ar na hábhair ar féidir iad a dhéanamh leis an nGaeilge sa léaráid.

Mar gheall ortsa:

Is duine tú ar breá leat an Ghaeilge agus a bhfuil suim mhór agat sa chultúr Gaelach. Tá fonn mór ort forbairt a dhéanamh ar do chumas teanga sa Ghaeilge agus ba mhaith leat go mbeadh an Ghaeilge mar dhlúthchuid de do shaol pearsanta, cultúrtha agus sóisialta feasta. Is maith leat cúrsaí léitheoireachta agus/nó tá suim mhór agat sa chultúr béil, sa bhéaloideas agus san amhránaíocht, agus tá an- spéis agat i gcás na Gaeilge sa tsochaí chomhaimseartha. Aithníonn tú an tábhacht thar meon a bhaineann le hoidhreacht na Gaeilge i stair na tíre seo agus i sochaí an lae inniu agus is mian leat tuiscint níos fearr a fháil ar an oidhreacht sin agus ar an gcomhthéacs sóisialta agus cultúrtha lena mbaineann sí. Tá meon oscailte agat, tá tú sásta tabhairt faoi smaointe nua, agus tá tú ag tnúth leis an spreagadh intleachtúil a thabharfaidh teanga, cultúr agus litríocht na Gaeilge duit agus leis na tuiscintí nua a bheidh agat ar an gcultúr agus ar an saol dá bharr.

Nóta: Is gá H3, ar a laghad, a bheith agat san Ardteist, nó cáilíocht atá ar comhchéim leis sin, chun an Ghaeilge a bheith agat mar ábhar céime in Ollscoil Luimnigh.

Cad chuige staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge in Ollscoil Luimnigh?

Is féidir staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge mar chuid de réimse leathan cúrsaí in Ollscoil Luimnigh ar a n-áirítear Céim sa Dlí Móide, Céim sna Teangacha Feidhmeacha, Céim sa Léann Eorpach, an Céim san Taibhealaíona (Ceol agus Damhsa), Céim B. Oid. sna Teangacha, Céim sa Chorpoideachas, agus Céim sna Dána. Oibríonn foireann Léann na Gaeilge go dian dícheallach ar son na mac léinn agus bímid ann chun tacú libh ar bhóthar na foghlama. Mar gheall ar speisialtóireachtaí na foirne, gheobhaidh tú cúrsa ar leith sa Ghaeilge a bheidh nascaithe le disciplíní móra idirnáisiúnta ar a n-áirítear léann na litríochta, an antraipeolaíocht agus an béaloideas, stair na Gaeilge, an ainmeolaíocht, agus a shuíonn Léann na Gaeilge laistigh de ghluaiseachtaí smaointeoireachta idirnáisiúnta an léinn. Beidh tú ag plé le foireann a thugann faoin múineadh le fonn agus le fuinneamh, a thabharfaidh idir spreagadh agus thacaíocht duit, agus a chuirfidh na fáiltí geala romhat go hOllscoil Luimnigh. 

Cad a bheidh faoi staidéar agam?

Mar chuid de do chúrsa Gaeilge, déanfaidh tú staidéar ar ghramadach agus ar chruinneas na Gaeilge (idir scríobh agus labhairt), agus déanfaidh tú staidéar ar an litríocht, ar an gcultúr béil, agus ar an tsochtheangeolaíocht, trína bhforbrófar do scileanna machnaimh, anailíse, agus áitimh. Freastlóidh tú ar ranganna teagaisc a dhíríonn go speisialta ar chúrsaí teanga, ar an ngramadach, ar labhairt na Gaeilge agus ar an aistriúchán; freastlóidh tú ar léachtaí a bhainfidh le réimse leathan ábhar laistigh de Léann na Gaeilge, mar shampla, dírbheathaisnéis na Gaeilge, traidisiún na scéalaíochta, na scéalta gaisce, na seanscéalta iontais, an caoineadh, traidisiún na hamhránaíochta, Nualitríocht na Gaeilge idir phrós agus fhilíocht, litríocht na Gaeilge 17ú haois – 19ú haois, scéalaíocht Chéitinn, an phleanáil teanga, an chanúineolaíocht, an tsochtheangeolaíocht.

Learn more about our courses and upcoming events

Explore
our campus

What you will study

Mic léinn lánfhásta

Fáiltímid roimh iarratais ó mhic léinn lánfhásta. Is féidir leo iarratas a dhéanamh trí An Lároifig lontrála, www.cao.ie

Clár lasmuigh den champas

I seimeastar 4 agus 5 glacann gach mac léinn páirt i gclár lasmuigh den champas. De ghnáth, caitheann an mac léinn tamall ag obair in earnáil fhostaíochta atá oiriúnach dá chúrsa céime (cumarsáid, taighde, iriseoireacht, oideachas, an státsheirbhís, mar shampla). Ina dhiaidh sin caitheann an mac léinn tréimhse ag staidéar thar lear in ollscoil Eorpach nó Mheiriceánach mar chuid den scéim Erasmus nó de scéim mhalartaithe eile. In ionad seimeastair thar leat, is féidir cur isteach ar líon áirithe spásanna chun seimeastar a chaitheamh sa Ghaeltacht.

 

An Ghaeilge mar ábhar céime sna Dána

 Tharlódh go dtiocfadh athrú ar na modúil.

Bliain 1 Seimeastar 1   Seimeastar 2
GA4141

Teanga, Sochaí agus Saíocht 1

GA4142

Teanga Sochaí agus Saíocht 2

Bliain 2 Seimeastar 3   Seimeastar 4
GA4143

Teanga, Sochaí agus Saíocht 3

  Tréimhse Chomharoideachais (Cooperative Education Placement)
  Students select 1:    
GA4133

Litríocht agus Saíocht 1: 1890-1940

   
GA4153

Litríocht agus Saíocht 1250-1690

   
Bliain 3 Seimeastar 5   Seimeastar 6
  Tréimhse in ollscoil eile (m. sh. ar scéim Erasmus) GA4146

Teanga, Sochaí agus Saíocht 4

    GA4156

Litríocht agus Saíocht 1690-1850

Bliain 4 Seimeastar 7   Seimeastar 8
GA4147

Teanga, Sochaí agus Saíocht 5

GA4148

Teanga, Sochaí agus Saíocht 6

GA4138

Scríbhneoirí na Gaeltachta

GA4228

Irish Folklore II

 

How to apply

 

Where are you applying from? How to Apply
Ireland Irish students must apply to UL via the CAO
The UK  Students who have completed their A-Levels can apply to UL via the CAO. More information can be found on the Academic Registry website. 
The EU EU Students can apply to UL via the CAO. More information can be found on the Academic Registry website.
Non-EU country

If you are outside of the EU, you can apply for this subject through the Bachelor of Arts degree.

 

 

Fees and funding

Student course fees are broken into three components - Student contribution, Student Levy and Tuition Fees.

A number of illustrative examples of fees for this course based on the current fee levels have been set out in the tables below.

An explanation of the components, how to determine status and the criteria involved is provided below the examples as is a list of possible scholarships and funding available.

EU Students with Free fees status in receipt of a SUSI grant

HEA pays Tuition Fees €2,558
SUSI pays Student contribution €3,000
Student pays Student Levy €100
€5,658

EU Students with Free fees status not in receipt of a grant

HEA pays Tuition Fees €2,558
Student pays Student contribution €3,000
Student pays Student Levy €100
€5,658

Students with EU fee status not in receipt of a grant

Student pays Tuition Fees €2,558
Student pays Student contribution €3,000
Student pays Student Levy €100
€5,658

Non-EU Students

Student pays Tuition Fees €15,262
Student pays Student Levy €100
€15,362

Student course fees are comprised of the following components:

Student Contribution

Annual charge set by the government for all full-time third level students. All students are liable unless they have been approved for a grant by Student Universal Support Ireland (SUSI). Please refer to https://www.studentfinance.ie to determine your eligibility for a grant and for instructions on how to apply. The current student contribution is set at €3000.

Student Levy

All students are liable to pay the Student Levy of €100. Please note the Student Levy is not covered by the SUSI Grant.

Tuition Fees

These are based on Residency, Citizenship, Course requirements.

Review the three groups of criteria to determine your fee status as follows

  1. Residency
    • You must have been living in an EU/EEA member state or Switzerland for at least 3 of the 5 years before starting your course
  2. Citizenship
    • You must be a citizen of an EU/EEA member state or Switzerland or have official refugee status
  3. Course Requirements (all must be met)
    • You must be a first time full-time undergraduate (Exceptions are provided for students who hold a Level 6 or Level 7 qualification and are progressing to a Level 8 course in the same general area of study).
    • You must be undertaking a full-time undergraduate course of at least 2 year’s duration
    • You cannot be undertaking a repeat year of study at the same level unless evidence of exceptional circumstances eg serious illness is provided (in which case this condition may be waived)

Depending on how you meet these criteria your status will be one of the following -

  • Free Fee Status: You satisfy all three categories (1, 2 and 3) and therefore are eligible for the Higher Education Authority’s Free Fees scheme.
  • EU Fee Status: You satisfy the citizenship and/or residency criteria but fail to satisfy the course requirements and are liable to EU fees
  • Non EU Fee Status: You do not meet either the citizenship or residency criteria and are therefore liable to Non EU fees.

More information about fees can be found on the Finance website

These scholarships are available for all courses

Your future career

Fostaíocht do Chéimithe

Bíonn deiseanna fostaíochta ar fáil do chéimithe Gaeilge Ollscoil Luimnigh i réimsí éagsúla, mar shampla: an mhúinteoireacht, an earnáil oidhreachta agus cultúir, na meáin Ghaeilge agus an iriseoireacht, an earnáil phoiblí.

Staidéar Iarchéime:

  • PME sna Teangacha (Gaeilge)
  • MA múinte sa Ghaeilge
  • MA taighde sa Ghaeilge
  • PhD taighde sa Ghaeilge
  • MA Comparative Literature and Cultural Studies

Student Profile

Image

Fiachra Ó Muircheartaigh

Theastaigh uaim cónaí as baile agus tá cónaí ar mo sheanthuistí i Luimneach chomh maith. Is maith an cur amach atá agam ar an gcathair dá bhrí sin agus ar na háiseanna iontacha atá san Ollscoil don té ar spéis leis an spórt agus b’shin an fáth gur roghnaigh mé teacht anseo.

An deis a bhí ar fáil staidéar a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den Ghaeilge agus na meáin úra i dteannta a chéile. Déanta na fírinne, is beag an tsuim a bhí agam i dtaobh na mean úr den chúrsa ach thuig me go mbeadh níos mó deiseanna ar fáil dom ó thaobh fostaíochta de agus dhá ábhar faoi staidéar agam.

Is iomaí ábhar a bhíonn faoi iniúchadh ag mic léinn an chúrsa úd ó thaobh na Gaeilge de. Bíonn deis agat staidéar a dhéanamh ar an mbéaloideas, ar an malartú teanga, ar fhilíocht de chuid na bhfilí móra le rá maraon le saothar litríochta na n-údar clúiteach. Is iad an scríbhneoireacht theicniúil, sochaí an eolais agus teoiric an chultúir na hábhair is tábhachtaí a bhíonn faoi chaibidil againn ó thaobh na meán úr de.

Mar a dúradh ó chianaibh, is é an deis atá agam súil agus tuairim a cháitheamh ar ghnéithe éagsúla den Ghaeilge is mó a thaithníonn liom faoin gcúrsa seo. Is maith liom na ranganna gramadaí a bhíonn againn de bhrí go mbíonn deis agam teacht ar fhreagraí iontu maidir le deacrachtaí difriúla atá agam ó thaobh gramadach na Gaeilge de agus nithe eile nach iad a bhíonn ag dó na geirbe agam agus mé ag scríobh agus ag labhairt na Gaeilge araon.

Chuaigh mé go dtí an Airgintín don chomaroideachais. Bhí mé ag obair mar mhúinteoir Béarla sa tír úd. Bhí deis agam teanga na tíre a fhoghlaim agus taithí oibre a fháil a bheidh luachmhar amach anseo le cúnamh Dé.