Skip to main content

Ceol, Ealaíona & Cultúr

Na hEalaíona 

Cothaíonn an Ollscoil clár ealaíon leathan agus tá na cláir seo a leanas faoina coimirce:

  • Dámh Chruinne Éireann Rince agus Ceol – lárionad do nuáil agus do thaighde i léiriú agus i scoláireacht ceoil agus damhsa a bhfuil cáil idirnáisiúnta air,
  • Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann - príomh-cheolfhoireann aireagail na hÉireann arna maoiniú ag an Chomhairle Ealaíon.

Tá baint ag na comhlachtaí sin le ceol agus damhsa Éireannach nua a choimisiúnú agus a thaibhiú. 

Tá roinnt bailiúchán ealaíne lonnaithe go buan san Ollscoil, lena n-áirítear:

  • Bailiúchán Féinphortráide Náisiúnta na hÉireann
  • Bailiúchán Chumann Uiscedhatha na hÉireann
  • Bailiúchán Dealbhóireachta Uí Mháille
  • Bailiúchán Uí Mháille de chuid Institiúid Chultúir na hÉireann agus Mheirceá
  • Bailiúchán Armitage

Is í Dánlann Bourn Vincent príomhshuíomh na hOllscoile do thaispeántais shealadacha agus bíonn fochlár de sheimineáir, léachtaí agus taibhithe ann freisin. Leanann an Dánlann den tuiscint a chothú ar an ealaín don tsúil agus ar nósanna na linne seo trí sceideal taispeántas i rith na bliana ar fad, lenar bhain saothair de chuid Donald Teskey, Michael Canning, John Kingerlee, Alice Maher agus Maeve McCarthy. Ó bunaíodh í, thaispeáin Dánlann Bourn Vincent bailiúcháin de chuid August Sander, Barry agus Philip Castle agus roinnt píosaí ó bhailiúchán Gordon Lambert, chomh maith le taispeántas bliantúil de na pictiúir nua i mBailiúchán Náisiúnta Féinphortráide na hÉireann agus gnéithe de ev+a a óstáil gach bliain. Áirítear ar Bhailiúchán Ealaíne na hOllscoile féin dealbhóireacht faoin spéir le healaíontóirí idirnáisiúnta lena n-áirítear Michael Warren, Peter Logan, Alexandra Wejchert, James McKenna, Tom Fitzpatrick, Antony Gormley agus Seán Scully. Tá curtha go mór ag an dealbhóireacht sin leis an atmaisféar ealaíonta agus cultúrtha san Ollscoil agus sa réigiún.

Ceoláras na hOllscoile

Is láthair ilchuspóra, 1,000 suíochán é Ceoláras na hOllscoile (UCH), arbh é an chéad cheoláras sa tír é a tógadh agus sainchuspóir leis. 

Ó bunaíodh é in 1993, tá an Ceoláras ina áis ilchultúir ag Réigiún an Mheán-Iarthair agus agus ag áiteanna eile nach é agus bhí os cionn 1.4 milliún duine i láthair ag imeachtaí éagsúla a bhí ar siúl ann ar nós ceolchoirmeacha, lenar bhain gach seánra ceoil, chomh maith le hócáidí damhsa, ballet, ceoldrámaí, drámaí grinn agus opera. Chraol RTÉ, an craoltóir náisiúnta, go minic ón gceoláras, ar theilifís agus ar raidió agus óstaíonn an láthair go leor dreamanna pobail agus scoileanna áitiúla dá dtaispeántais bhliantúla.