Sceideal an Earraigh 2025
- Tá na cúrsaí seo dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta. Tá siad seo ar fáil do chairde léinn agus do bhaill foirne na hollscoile chomh maith leis an bpobal I gcoitinne.
- Beidh na cúrsaí ar siúl ar feadh 10 seachtaine, Feabhra– Aibreán 2025 - féach an sceideal thíos.
- An táille ná €160 (seachas an grúpa plé €50). Cuirfear eolas chugat maidir leis na roghanna iocaíochta nuair a bheidh d'fhoirm faighte ag oifig an Aonaid. Beidh na cúrsaí ar siúl ag brath ar éileamh.
- An ráta do chairde léinn Ollscoil Luimnigh/Coláiste Mhuire gan Smál ná €80. Tá an ráta seo ar fáil do na catagóirí seo a leanas chomh maith ach an cruthúnas a sholáthar: Teifigh / Cuardaitheoirí poist / Daoine faoi mhíchumas / Pinsinéirí (65+).
- Tá taithí mhaith ag teagascóirí Aonad na Gaeilge ar a bheith ag plé le foghlaimeoirí fásta na Gaeilge. Dírítear ar straitéisí foghlama teanga go minic sna ranganna: straitéisí chun déileáil leis an mbrú a bhaineann le hearráidí teanga a dhéanamh: le deacrachtaí soiléireachta; leis an léamh amach os ard; le húsáid na Gaeilge sa phobal; agus mar sin de. Moltar d’fhoghlaimeoirí machnamh leanúnach a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanann siad agus leagtar an bhéim i gcónaí ar an bhféinmhisniú.
Foirm Iarratais (Baill Foirne amháin)
Oiriúnach dóibh siúd a rinne an Ghaeilge ar scoil ach gur mhaith leo dul siar ar na bunrudaí agus a gcuid muiníne a fhorbairt arís.
Bheadh an cúrsa seo oiriúnach dóibh siúd a raibh caighdeán measartha maith Gaeilge acu ar scoil ach a bhfuil as cleachtadh. Cuirfear an bhéim ar mhuinín na bhfoghlaimeoirí maidir le labhairt na teanga chomh maith lena scileanna éisteachta, léitheoireachta agus scríbhneoireachta. Tá rogha am lóin ar fáil don chúrsa seo freisin do chairde léinn agus do bhaill foirne na hollscoile (13.05-13.55 Dé Céadaoin). Cuir ríomhphost chuig ciara.considine@ul.ie chun a thuilleadh eolais a fháil faoin rogha sin.
Túsdháta: Dé Céadaoin 12 Feabhra 2025 (9 seachtaine)
Am: 18.30-20.30
Bheadh an cúrsa seo feiliúnach do dhaoine a bhfuil tuiscint mhaith nó an-mhaith acu ar an teanga agus atá ag iarraidh barr feabhais a bhaint amach i ndáil lena scileanna labhartha agus scríofa i gcomhthéacsanna pearsanta agus gairmiúla araon. Pléann ábhar an chúrsa seo le réimse leathan topaicí plé de chuid saol agus cultúr na Gaeilge mar aon le saintéamaí gramadaí. Is minic go bhfuil foghlaimeoirí ar an gcúrsa seo i ndiaidh cáilíocht foirmiúil a bhaint amach sa teanga, bíodh sé sin i dtéarmaí Teastas Eorpach na Gaeilge (e.g. B1) nó i réimse acadúil (e.g. Dioplóma , BA, BOid, nó MA), agus/nó teagmháil rialta acu leis an teanga ina gcuid oibre nó saol pearsanta.
Túsdháta: Dé Céadaoin 19 Feabhra 2025 (9 seachtaine)
Am: 18.30-20.30
Is grúpa plé é seo do dhaoine le h-ardchaighdeán labhartha Gaeilge. Bíonn an grúpa faoi stiúir áisitheora agus déantar téamaí a bhaineann le cúrsaí reatha a phlé gach seachtain.
Túsdháta: Déardaoin 6 Feabhra 2025.
Am: 0930-1100
Deis do bhaill foirne comhairle duine-le-duine a fháil ar an bhfoghlaim neamhspleách. Oiriúnach do dhaoine gur mhaith leo a bheith ag obair go neamhfhoirmiúil ar a gcuid scileanna ina gcuid ama féin. Freastalóidh rannpháirtithe ar sheisiún amháin le linn sheimeastar an Earraigh 2025.