Tá an Ghaeilge á teagasc in Ollscoil Luimnigh ó 1972 i leith. Tá 500 mac léinn náisiúnta agus idirnáisiúnta ag Léann na Gaeilge faoi láthair agus is ceann de na hábhair is mó fás i nDámh na nDán é. 

Is saineolaithe iad ár bhfoireann i réimsí éagsúla de litríocht agus de theanga na Gaeilge, go háirithe an Nua-Litríocht, an Béaloideas, an Ainmeolaíocht, agus an Nua-GhaeilgeMhoch

 

Cad iad na céimeanna ollscoile ar féidir liom an Ghaeilge a roghnú ion?

  • LM002 BA sna hEalaíona
  • LM029 LLB sa Dlí (Dlí +)
  • LM040 BA sa Léann Eorpach
  • LM044 BA i dTeangacha Feidhmeacha
  • LM090 BSc Corpoideachas
  • LM091 BEd sna Teangacha
  • LM131 Baitsiléir Ealaíon sa Cheol Gaelach
  • LM132 Baitsiléir Ealaíon sa Rince Gaelach
  • LM133 Baitsiléir Ealaíon sa Rince Comhaimseartha
  • LM134 Baitsiléir Ealaíon sa Ghuth
  • LM135 Baitsiléir Ealaíon sa Cheol Domhanda

*RIACHTANAS IONTRÁLA: H3 SA GHAEILGE

 

Can cinéal fibre a dhéanfaidh meet in a dhiadh sin?

Iriseoir, craoltóir, fotheidealóír, feidhmeannach, múinteoir, teangeolaí, aistritheoir, profadóir, eagarthóir, ateangaire agus postanna éagsúla eile a bhaineann le scileanna cumarsáide nó le cumas tuisceanatraschultúir, mar shampla, ag brath ar an gcéim/céimeanna a dhéanfaidh tú. Tugann go leor céimithe le Gaeilge faoi iarchéim (MA) nó taighde (PhD) tar éis na bunchéime.

 

Aa féidir lion due thar lear?

Is féidir, cinnte.  Is cuid dhlúth den chúrsa é go gcaithfidh tú seimeastar amháin in ollscoil eile san Eoraip, i  Meirceá Thuaidh nó i Meiriceá Theas, ag brath ar an gcéim a roghnaíonn tú. 

Tá naisc faoi leith idir Léann na Gaeilge agus ollscoileanna sna háiteanna seo a leanas: Ceanada, An Pholainn, Tír na mBascach, na hOileáinBhailéaracha, an Bhriotáin, an Laitvia).

Contact Us

Email: eic@ul.ie ,
Phone: +353 61 202218,
Postal Address: School of English, Irish, and Communication, ER3019, University of Limerick, Ireland