Course Details
Contact(s):
Apply Now
Read instructions on how to apply
Express InterestRegister your interest here for more information or to be notified when applications are open.
Brief Description
Cuirfidh an MA sa Ghaeilge ar do chumas úsáid a bhaint as an nGaeilge ag ard-chaighdeán agus ag ard-leibhéal cruinnis. Ina theannta sin, beidh deis agat ar dhul amach ar réimse leathan ábhar i Léann na Gaeilge.
Ar an gcaoi sin, is cúrsa é seo a dhéanfaidh forbairt ar do scileanna agus a chuirfidh go mór le do thuiscint ar theanga agus ar litríocht na Gaeilge, ó ré na Nua-Ghaeilge Moiche anuas go dtí an lá atá inniu.
Déanfaidh tú scileanna luachmhara a shealbhú agus a fhorbairt, ar féidir iad a chur i bhfeidhm i réimse leathan comhthéacsanna agus postanna; scileanna taighde, teanga, agus anailíse ina measc.
Beidh deis agat ar scileanna cumarsáide agus scileanna aistriúcháin a fhorbairt in obair tionscnaimh freisin, agus rogha agat tabhairt faoi thréimhse taithí oibre chun cur leis na deiseanna fostaíochta tar éis na céime. Anuas air sin ar fad, beidh rogha agat tráchtas a scríobh sa scríbhneoireacht chruthaitheach.
Is féidir tabhairt faoin MA go lánaimseartha ar feadh bliana nó go páirtaimseartha ar feadh dhá bhliain.
Bainfidh tú ard-chaighdeán teanga agus ard-leibhéal cruinnis amach. Beidh deis agat ar dhul amach go domhain ar réimse leathan ábhar i Léann na Gaeilge, an Nua-Litríocht, an Béaloideas agus an Eitneagrafíocht, An Ghaeilge agus an Béarla sa 19ú/20ú haois, agus an Nua-Ghaeilge Mhoch agus Léann na Lámhscríbhinní san áireamh.
Déanfar an cúrsa a theagasc i bhfoirm léachtaí, ceardlann, agus seimineár. Leagfar béim ar leith ar mheasúnú leanúnach, mar aon le modheolaíochtaí teagaisc agus foghlama gníomhaí chun idirghníomhaíocht agus foghlaim fhéinstiúrtha a chothú.
Full-Time
Fómhar | Earrach | Samhradh |
|
|
|
|
|
|
|
| |
|
|
*Ba cheart do mhic léinn rogha amháin as an dá rogha seo a bheith acu sa Samhradh.
* Beidh deis ann i gcásanna eisceachtúla imeacht ón gclár MA agus Dioplóma Iarchéime ag duine (in ionad MA) (60 creidiúint; gan 30 creidiúint an tSamhraidh).
Part-Time
Bliain 1 - Fómhar | Earrach | Samhradh |
|
| |
|
| |
| ||
Bliain 2 - Fómhar | Earrach | Samhradh |
|
|
|
* Beidh obair ar an tráchtas mar chuid lárnach den dara bliain.
*Ba cheart do mhic léinn rogha amháin as an dá rogha seo a bheith acu sa Samhradh. Is féidir rogha a dhéanamh tabhairt faoi GA6133 i Samhradh Bhliain 1 a fhad is nach ndéanfar an modúl ach aon bhliain amháin.
Is féidr teacht ar eolas faoi na modúil aonair ach cuardach a dhéanamh i Leabhar na Modúl
Onóracha den dara grad (2:2) i mbunchéim sa Ghaeilge nó i réimse gaolmhar (m. sh. an Stair, Teangacha, ábhair eile sna daonnachtaí), nó cáilíocht aitheanta (Bunchéim: Leibhéal 8 de réir Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann).*
Caighdeán B2.2 sa Ghaeilge de réir Chomhchreat Eorpach na dTeangacha.*
*Mura mbeidh bunchéim ag duine in ábhar gaolmhar, nó cruthúnas ar an leibhéal teanga, is féidir cur isteach ar an MA go fóill ach dul faoi agallamh ar dtús le fáil amach an bhfuil leibhéal cumais ag an iarrathóir chun tabhairt faoin gcúrsa.
Le cur isteach ar an gcúrsa, ba cheart an t-eolas thíos a chur ar fáil leis an iarratas:
- Tras-scríbhinní ollscoile agus cáilíochtaí
- Fianaise ar leibhéal B2.2 sa Ghaeilge
- Cóip den teastas breithe nó den phas
- Teistiméireacht
Guidelines on Completing your Application
- To ensure a speedy assessment of your application, please upload the above documents with your application form – your application cannot be assessed until relevant documentation is uploaded
- Please title appropriately any documents you are uploading with the application form, for example "Supporting Statement", "Undergraduate Transcript", "Postgraduate Transcript", "English Language Certificate" etc.
International students can find more information on eligibility requirements here.
Full Time:
EU - €6,802
Non- EU - €16,902
Part Time:
EU - €3,582 per annum
Non- EU - €9,092 per annum
Once registered, students can apply to pay their fees in instalments. A request for a payment plan should be emailed to student.fees.office@ul.ie.
Further information on fees and payment of fees is available from the Student Fees Office website. All fee related queries should be directed to the Student Fees Office (Phone: +353 61 213 007 or email student.fees.office@ul.ie.)
Próifíl na gcéimithe
- Ard-chaighdeán agus ard-leibhéal cruinnis sa Ghaeilge (leibhéal C1 de réir Chomhchreat Eorpach na dTeangacha ar a laghad)
- Tuiscint agus eolas domhain ar theanga agus ar litríocht na Gaeilge, ó ré na Nua-Ghaeilge Moiche anuas go dtí an lá atá inniu.
- Scileanna inaistrithe taighde, teanga, agus anailíse
- Scileanna cumarsáide agus scileanna aistriúcháin in obair tionscnaimh
- Foghlaim féin-stiúrtha, bainistíocht ama agus taighde, agus taighde neamhspleách
- Scileanna ag éirí as an tréimhse taithí oibre (rogha)
- Scríbhneoireacht chruthaitheach (rogha)
Beidh deis ag mic léinn cur isteach ar réimse leathan post i réimse in earnáil na Gaeilge agus in earnálacha eile, mar shampla an fhoilsitheoireacht, an iriseoireacht agus na meáin, an t-aistriúchan, eagraíochtaí Gaeilge, eagraíochtaí stáit, eagraíochtaí cultúir, pleanáil teanga, an státsheirbhís, an t-oideachas, oideachas ag an tríú leibhéal, nó a thuilleadh taighde a dhéanamh ag leibhéal na dochtúireachta.
Cruinneas agus cumas anailíse cuid de na cáiliíochtaí is mó atá ag teastáil chun cur isteach ar dheiseanna fostaíochta i saol an lae inniu (féach https://bit.ly/2Ov632w (Gaeilge san AE: an cruinneas ‘an cháilíocht is mó atá ann’ Irish Times 2 Nollaig 2019) & https://bit.ly/30NuY4q & https://bit.ly/30KUNSx) (‘One in five recruits to civil service to be proficient in Irish’, Irish Times 7 Deireadh Fómhair 2020).

Jennifer Ryan, Rinne mé staidéar ar an Dlí agus Gaeilge in Ollscoil Luimnigh don bhunchéim. Tá Rannóg na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh iontach fáilteach agus tacúil. Mhothaigh mé i gcónaí go raibh mé ábalta dul chuig na léachtóirí le haon cheist a bhí agam.
Bhí an cultúr a chothaigh Rannóg na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh lárnach i mo rogha chun leanúint le mo chuid staidéir agus an Mháistreacht sa Ghaeilge a dhéanamh in Ollscoil Luimnigh. Is cúrsa den chéad scoth é seo a ligeann duit do scileanna proifisiúnta acadúla agus do scileanna pearsanta a fhorbairt. Neartaigh an cúrsa seo na scileanna a d’fhorbair mé sa bhunchéim ach chuir sé gné nua phroifisiúnta leo. Pléimid rudaí shuimiúil sa rang, bíonn cur i láthair agus físeáin le déanamh againn taobh le haistí agus scrúduithe traidisiúnta.
Tá taobh sóisialta deas leis an Máistreacht chomh maith. Le linn an chéad seimeastair chuaigh an rang Máistreachta síos go Gaeltacht Chorca Dhuibhne go dtí an An Fhéile Bheag Filíochta. Bhí sé seo iontach chun beocht agus comhthéacs a chuir leis an méid a bhí á fhoghlaim againn sa seomra ranga. Tá fócas lárnach ar an bhfostaíocht sa Mháistreacht agus tá deiseanna ar fáil do gach mac léinn tréimhse taithí oibre a dhéanamh.
Má tá suim agat sa Ghaeilge agus tá tú ag smaoineamh ar an Máistreacht seo a dhéanamh, déan é! Tá rud ar an gcúrsa seo do gach duine; ón nGaeilge Chlasaiceach go dtí an Nua Litríocht, ón mBéaloideas go polaitíocht na teanga.