Beidh mic léinn ó Ollscoil Luimnigh le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta sa tsraith Ar Bhruach na Sionainne gach Máirt ag 1.30 pm mar chuid de sceideal an tsamhraidh ar an stáisiún.
Is togra idir Roinn na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh agus RTÉ Raidió na Gaeltachta é seo, faoi stiúir Áine Hensey agus Mháire Ní Ghráda. Déantar an tsraith a thaifeadadh ar champas álainn na hollscoile cois abhainn na Sionainne, agus cuirtear oiliúint agus comhairle ar na mic léinn i dtaobh chúrsaí raidió go ginearálta, scileanna láithreoireachta agus cúrsaí scrioptála don tsraith.
Sna cláracha seo, beidh ceol agus amhráin le cloisteáil againn ó na mic léinn iad féin, óna gcairde agus a muintir, chomh maith le lucht léinn na hollscoile. Is iad Emily Greaney, Peadar Ó Sionnaigh, Róisín O’Hara, Caoimhe Laide, Ciarán O’Connell, Róisín Nic an Rí agus Liam Tierney na mic léinn a chuirfidh na cláracha i láthair.
Beidh Ar Bhruach na Sionainne le cloisteáil gach Máirt ag 1.30 pm sa samhradh, ag tosú ar an 4 Iúil.
Beidh na cláracha ar fáil freisin ar www.rte.ie/rnag.
University of Limerick students to feature in RTÉ Raidió na Gaeltachta series
First year students from University of Limerick will present a new music series on RTÉ Raidió na Gaeltachta as part of the station’s summer schedule.
The series Ar Bhruach na Sionainne was recorded on the UL campus, and can be heard each Tuesday on RTÉ RnaG at 1.30 pm.
The programmes will feature musical performances by the students, their friends and family, as well as academic staff at the university.
There will be seven programmes in the series in total, and they will be presented by Emily Greaney from Abbeyknockmoy in Co. Galway, Peadar Ó Sionnaigh from Foxford in Mayo, Róisín O’Hara from Moate in Co. Westmeath, Caoimh Laide from Listowel in Kerry, Ciarán O’Connell from Pallasgreen in Limerick, Róisín Nic an Rí from Clifden in Galway, and Liam Tierney from Portumna, Co. Galway.
This initiative was pioneered by series producer Áine Hensey, a broadcaster with RTÉ RnaG, and lecturer and musician Máire Ní Ghráda, and is designed to give students an understanding of the processes and preparation involved in media work including scripting and presenting.
Ar Bhruach na Sionainne can be heard on RTÉ Raidió na Gaeltachta every Tuesday at 1.30 pm, starting on 4 July, and Emily Greaney will present the first show.
You can also listen back to the programmes at www.rte.ie/rnag.
Email: ahss@ul.ie
Phone: +353-61-202700
Postal Address: AHSS Faculty Office, University of Limerick, Limerick, Ireland.